Buail Aríst Mé lyrics

by

IMLÉ


[Véarsa 1]
Ar mo rothar dom ag leanúint Bealach na Bó Finne
Réalt i mo bhéal is mé ag gluaiseacht níos mire
É tagtha anonn chugham ón Tír Fothoinn
Mé ag canadh go hard, mé ag canadh go binn
Trasna na habhann ansan ag Droichead na hInse
Soilse cairteacha os cionn Pháirc an Fhionnuisce
Feadh na habhann soir go hionad an cheoil
Mé ag bualadh le daoine chun piúnt nó dhó a ól

[Curfá]
Buail aríst mé (Breithlá shona duit)
Buail aríst mé (Breithlá shona duit)
Buail aríst mé (Breithlá shona duit)
Buail aríst mé

[Véarsa 2]
Thugas cúrsa timpeall chró an Phoirt Thoir
Anso a thréigeas amhrán nuair a d’aistríos anoir
Gíoscán inneall traenach ag taisteal go ciúin
Gan tiománaí gan carbad ag gluaiseacht fé rún
Crainn tógála crochta le soilse ildaite
Méaranta eolais dom’ threorú féin abhaile
Ar na ribí a bhíos is mé lánsásta liom féin
**** —caitheadh dem’ rothar mé
[Curfá]
Buail aríst mé (Breithlá shona duit)
Buail aríst mé (Breithlá shona duit)
Buail aríst mé (Breithlá shona duit)
Buail aríst mé

[Véarsa 3]
Come on ya prick, you won’t get very far
Cneadaíl crotaon ón mbeirt a bhí leis an bhfear
Lasc ar mo dhrom is eascaine le m’éadan
Caite liom bhí bata fite lena chuid feirge
Sheasas is d’fhéachas ar an ngramaisc
Cóip na sráide sáite i gcacamas
D’iarraidh sásamh a bhaint asam in aisce
Níorbh aon sreang mise le freang a bhaint aisti

[Curfá]
Buail aríst mé le do dhorn dúr
Buail aríst mé is aríst an athuair
Buail aríst mé is le gach buille, a dhuine
Is i láidreacht a théimse buille ar bhuille

[Ceangal]
Tá brón orm nach bhfuil mé níos fearr
Ag na gnáth rudaí beaga sin a dhéanann an difear
Seans go mbreathnaíonn sé ar nós gur c*ma liom
Ach ní fheadfadh tada a bheath níos faide ón fhírinne
Is é chaoi né go bhfuil mé cineál simplí
Ar an gcaoi sin rud atá báite san inchinn
Cinnte tá mé dána ach tá an croí go maith
Ar éigean go bhfuil mé in ann an rud lofa a chrochadh
Smaoiním uirthi go rialta ná déan aon phanic
Ní maith liom nach mbíonn mé ag cuairtíocht ró-mhinic
Gabhaim mo leithscéal ach céard atá mé in ann a rá
Ach fiafraí uirthi ná bígí ró-chrosta
Ní theastaíonn uaim ach go mbeadh sibh bródúil asam
Ach cén chaoi go mbeadh nuair nach mbíonn mé ann
Ariamh mar pháirt daingean do bhur saoil
Tá brón orm gurb eo an chaoi gur imigh an scéal
[?]

[?]
Buail aríst mé
[?]
Buail aríst mé
[?]
Buail aríst mé
[?]
Buail aríst mé

Ní hann duit ní hann do mo chorp
Don’t you get it in you I place no worth
Ní hann duit ní hann do mo chorp
Don’t you get it in you I place no worth
Ní hann duit ní hann do mo chorp
Don’t you get it in you I place no worth
Ní hann duit ní hann do mo chorp
Don’t you get it in you I place no worth

[Curfá]
Buail aríst mé le do dhorn dúr
Buail aríst mé is aríst an athuair
Buail aríst mé is le gach buille, a dhuine
Is i láidreacht a théimse buille ar bhuille
Buail aríst mé le do dhorn dúr
Buail aríst mé is aríst an athuair
Buail aríst mé is le gach buille, a dhuine
Is i láidreacht a théimse buille ar bhuille
A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z #
Copyright © 2012 - 2021 BeeLyrics.Net