Ni hÉ lyrics

by

IMLÉ


[Véarsa 1: MC Muipeád]
D'oscail tú an doras, ach níor shiúil mé isteach
Ní hé nach raibh mé ag iarraidh ach ní raibh mé in ann
Mar bhí cúramaí ar leith agam a chuirfeadh droch spin
Ar an seans do chaidreamh a d'fhásfadh idir eadrainn
Ní hé nach raibh mé ag iarraidh tú a phógadh
Ar na liopa, ar do leiceann agus ar do chliabhrach
Go paiseanta ár gcuid lámha ag teacht le chéile
Ár gcuid mothúcháin spreagtha le gach aon cinneadh

[Cúrfa: Ríona Sally Hartman]
Chan mé ón áit is doimhne
Leis an guth is fíre
Is casfaidh mé timpeall
Cé go bhfuil mé dall
Le mo chiall slán
Is casfaidh mé timpeall

[Véarsa 2: MC Muipeád]
Ní hé nach raibh tú gleoite ní hé nach raibh tú briste
Ní hé nach tú chuile shórt beo a bheinn ag iarraidh
Ní hé nach raibh tú iontach mealltach 's ana chliste
Ní hé nach b'in an rud a bheinn ag iarraidh de ghnáth
Ní hé nach raibh tú uaim agus tú mo mhealladh
Ní hé nach tú chuile shórt beo a bheinn ag iarraidh
De ghnáth ach ar an droch uair, ar an geábh seo
Bhí sé do cheart ag an mbeirt againn dul a bhaile
[Cúrfa: Ríona Sally Hartman]
Chan mé ón áit is doimhne
Leis an guth is fíre
Is casfaidh mé timpeall
Cé go bhfuil mé dall
Le mo chiall slán
Is casfaidh mé timpeall

[Bridge: MC Muipeád & Ríona Sally Hartman]
A bheith dána le chéile
Ar nós is c*ma linne
Airím uaim
A bheith dána le chéile
A bheith dána le chéile
Ar nós is c*ma linne
Airím uaim
A bheith dána le chéile

[Pre-Outro: Ríona Sally Hartman]
Fan liom anocht
Cén dochar a bheas in oíche amháin
Rún beag gan lucht
Bain sult as an oíche seo

[Outro: MC Muipeád]
A bheith dána le chéile
A bheith dána le chéile
A bheith dána le chéile
Le chéile, le chéile
A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z #
Copyright © 2012 - 2021 BeeLyrics.Net