Na Coille Cumhra lyrics

by

久石譲 (Joe Hisaishi)


A chumainn is a shearc, rachaimid-ne seal
Faoi choillte ag scaipeadh drúchta
Mar a bhfaighimid-ne breac, is lon ar an nead
An fia agus an boc ag búireadh;

A rún agus a shearc, gluaisfimid gan stad
Go coillte breá glasa an Triúcha
A chúl álainn tais na bhfáinní cas
Is breá 's deas do shúile

An t-éinín is binne ar ghéaga ag seinm
An chuaichín ar barr an iúir ghlais;
Is go bráth, bráth ní thiocfaidh an bás 'nár ngoire
I lár na coille c*mhra
A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z #
Copyright © 2012 - 2021 BeeLyrics.Net