Cáit Ni Dhuibhir lyrics

by

The Wolfe Tones


[Verse 1]
Tráthnóinín beag déanach
Is mo thréad agam á chur ón síon
I lúib na coille craobhaí
Is nach aerach a bhí mo thriall
Bhí an chuach an lon ’s an chéirseach
Ar séirse is gach nóta fíor
Is i mbun is i mbarr gach véarsa
Go mbeadh Éire aige Cáit Ní Dhuibhir

[Verse 2]
Tá liosacháinín féir ghlais
Agam féinig ag ceann mo thí
Agus bíonn gach maidin ghréine
An spéirbhean ann ’s í romham ’na suí
Tá leabhair aici don Ghaeilge
Is beagáinín den mBéarla thríd
Is i mbun is i mbarr gach véarsa
Go mbeidh Éire aige Cáit Ní Dhuibhir

[Verse 3]
Do shuigh sí ar bhinsín taobh liom
Is mo ghéaga do thit liom síos
Do shíleas nárbh aon saolta í
Is gur baol dom í theacht im' líon
"An tú Pállas nó an tú Hélen
Nó an chéad bhean do ghoid an Traoi
Nó an bean tú a mhill na céadta
Gcòir raibh gaol aici le Cáit Ní Dhuibhir."
[Verse 4]
"Is bean ró-mhór i bpéin mé
Is mo chéile do chuaigh thar toinn
Mo chlann go bhfuil i ndaor-bhroid
Go tréithlag 's gan phreab 'na gcroí'
Ach éireoidh clanna Gaeil suas
Is léimfidh go mear gach claidheamh
'S gur b'é túis is deireadh mo scéilse
Go mbeidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir"
Ach éireoidh clanna Gaeil suas
Is léimfidh go mear gach claidheamh
'S gur b'é túis is deirеadh mo scéilse
Go mbeidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir"
A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z #
Copyright © 2012 - 2021 BeeLyrics.Net